Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Comhairle Taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ar fáil anois ag Ireland.ie/travel. Níl Comhairle Taistil ar an leathanach gréasáin seo á nuashonrú feasta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an Chomhairle Taistil is déanaí do An Afraic Theas, gliogáil ar Ireland.ie le do thoil.

An Afraic Theas

Má tá tú ag taisteal chun na hAfraice Theas, tugann an comhairle taistil atá cothrom le dáta leideanna praiticiúla agus eolas úsáideach duit.

Stádas Slándála

  • Gnáth-réamhchúraimí
  • Bí an-chúramach
  • Seachain taisteal neamhriachtanach
  • Ná taistil
  • Forbhreathnú
  • Sábháilteacht agus Slándáil
  • Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla
  • Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid
  • Faisnéis Bhreise
  • Embassy Contact

Forbhreathnú

Forbhreathnú

Déanaimid gach iarracht an chomhairle taistil is déanaí a thabhairt duit i nGaeilge, ach mar gheall ar chomh tapa is a thagann athrú ar chúrsaí, go háirithe i gcás géarchéime, ní féidir linn a ghealladh go mbeidh an chomhairle taistil seo i nGaeilge go hiomlán cothrom le dáta. Chun a chinntiú go bhfaighidh tú an chomhairle is déanaí, go háirithe ó thaobh slándála, seiceáil an leagan Béarla freisin, nó déan teagmháil dhíreach linn.

Stádas Slándála

Bí an-Chúramach

Foláireamh Taistil is Déanaí

Agóidí agus léirsithe

Bíonn mórshiúlta agóide agus léirsithe rialta, agus eachtraí tréimhsiúla d’achrann poiblí ar fud na hAfraice Theas, a fhéadann a bheith foréigneach. I mí Iúil 2021 tharla eachtraí foréigneacha, creachadh agus coirloscadh sna cúigí Gauteng agus KwaZulu-Natal. D’imlonnaigh an tUachtarán an t-arm sna háiteanna a bhaineann leo chun tacú leis na póilíní. Stad an chorraíl, ach tá an t-arm i láthair fós sna háiteanna a bhaineann léi.

Taisteal chun na hAfraice Theas

Níl srianta COVID-19 ar bith i bhfeidhm maidir le taisteal chun na hAfraice Theas ó Éirinn. Níl aon riachtanas ann teastais vacsaínithe/tástála COVID-19 a thaispeáint.

Má tá tú san Afraic Theas, ba cheart duit súil a choinneáil ar fhorbairtí go rialta agus comhairle ó na húdaráis áitiúla a leanúint. Féach ar na suíomhanna gréasáin ábhartha thíos.

Aerfoirt náisiúnta: https://www.airports.co.za/ 

Comhairle Taistil Ghinearálta

Tá leibhéal coireachta, coireacht fhoréigneach san áireamh, an-ard san Afraic Theas. Tarlaíonn formhór na coireachta is foréigní taobh amuigh de na háiteanna turasóireachta rialta, ach ba cheart duit réamhchúraimí cosanta ciallmhara a thógáil chun do shábháilteacht a chosaint. Méadaíonn coireacht in áiteanna ina dtagann sluaite móra le chéile, mar sin bí san airdeall go háirithe agus tú ag freastal ar imeachtaí spóirt nó imeachtaí eile a tharraingíonn líon mór daoine. (Féach ar Shábháilteacht agus Slándáil)

Tá riachtanais dhochta cáipéisíochta i bhfeidhm do dhaoine atá ag taisteal le páistí chuig/ó agus tríd an Afraic Theas. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na riachtanais thábhachtacha seo, féach ar an táb Tuilleadh Eolais.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála san Afraic Theas leis na huimhreacha seo a leanas:

  • Seirbhís Phóilíneachta na hAfraice Theas: 10111
  • Uimhir Otharchairr Ghinearálta: 10177
  • Briogáid Dóiteáin: 10111
  • Scairt Éigeandála ó ghuthán póca: 112
  • Éigeandáil Cape Town: 107
  • Éigeandáil Cape Town (ó ghuthán póca): +27 (0)21 480 7700

Sábháilteacht agus Slándáil

Sábháilteacht agus Slándáil

Practical advice

  • Léigh an treoir taistil Eolas Roimh Thaisteal ar mhaithe le leideanna úsáideacha slándála a fháil maidir le taisteal thar lear
  • Faigh comhairle áitiúil maidir le ceantair lena mbaineann baol agus údar imní slándála
  • Déan réamhchúram ciallmhar maidir le sábháilteacht agus slándáil
  • Bí ar an eolas maidir leis an duine le teagmháil a dhéanamh leis i gcás éigeandála

Corraíl pholaitiúil

Tá an cor polaitiúil san Afraic Theas réasúnta cobhsaí ach d’fhéadfadh eachtraí contúirteacha tarlú. Bí ar an eolas i gcónaí maidir le cad atá ar siúl timpeall ort trí mhonatóireacht a dhéanamh ar na meáin náisiúnta agus fanacht i dteagmháil leis an óstán nó leis an eagraí turais. Seachain léirsithe agus cruinnithe poiblí, mar go bhféadfadh siad sin a bheith achrannach uaireanta.

Sceimhlitheoireacht

Cé go bhfuil an bhagairt sceimhlitheoireachta san Afraic Theas íseal, tá baol domhanda ann fós ó ionsaithe sceimhlitheoireachta neamh-idirdhealaitheacha, a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar thargaidí sibhialta, lena n-áirítear áiteanna ina mbailíonn turasóirí agus easaoránaigh.

Coiriúlacht

Tá leibhéal ard coiriúlachta san Afraic Theas, lena n-áirítear coireanna foréigneacha, éigniú agus dúnmharú. Cé go dtarlaíonn an chuid is mó de na cásanna sna bailecheantair nó i gceantair nach bhfuil in aice leis an ngnáth cheann scríbe turasóireachta, níl aon áit sábháilte go hiomlán agus ba chóir duit a bheith airdeallach le linn duit a bheith ag taisteal i dtimpeallacht tuaithe agus uirbeach araon, lena n-áirítear ceantair i lár na cathrach san oíche (tagraítear do lár na cathrach de ghnáth mar Lárcheantair Gnó nó CBDnna san Afraic Theas) . Tóg na réamhchúraimí sábháilteachta bunúsach:

  • Ná bíodh do chárta creidmheasa, do thicéid taistil ná do chuid airgid ar iompar agat le chéile – fág airgead breise agus nithe luachmhara in áit shábháilte.
  • Ná bíodh do phas ar iompar agat ach amháin má tá géarghá leis agus fág cóip den phas (agus doiciméid taistil agus árachais) le do theaghlach nó le cairde ag baile.
  • Ná taispeáin suimeanna móra airgid go poiblí agus ná bain úsáid as ATManna san oíche, go háirithe má tá tú i d’aonair.  Seiceáil nach bhfuil aon duine do leanúint tar éis duit do ghnó a dhéanamh.
  • Ná malartaigh suimeanna móra airgid i gceantair phoiblí atá gnóthach agus ná tabhair mionsonraí eolais ná mionsonraí pearsanta maidir le cuntas airgeadais do dhaoine nach bhfuil aithne agat orthu.
  • Coinnigh súil ghéar ar do mhaoin phearsanta agus coinnigh greim orthu in áiteanna  poiblí ar nós caife idirlín agus stáisiúin bús nó traenach. Bí airdeallach nuair atá tú ag taisteal trí aerfoirt na hAfraice Theas; bíonn peasghadaithe agus gadaithe i mbun na gadaíochta iontu sin.
  • Seachain sráideanna agus staighrí gan soilse, agus déan síob a shocrú ó/go dtí an óstán nó ó/go dtí an t-árasán, chomh gar don doras agus is féidir.  Ní mholtar dul ag siúl san oíche agus breithníonn roinnt mhaith turasóirí nach bhfuil an córas iompair poiblí sábháilte; tá carranna ar cíos go príobháideach ar an rogha is sábháilte maidir le taisteal neamhspleách
  • Ná húsáid ach cuideachtaí carranna ar cíos atá aitheanta nó tacsaithe oifigiúla. Má dhéanann tú áirithint maidir le carr nó tacsaí le tú a phiocadh suas ag an aerfort, faigh ainm an tiománaí roimh ré mar dheimhniú.

Coiriúlacht carranna

Tá údar mór imní ag baint le fuadach armtha carranna ar fud na hAfraice Theas. Tá robálacha agus briseadh isteach agus gadaíocht ó fheithiclí coitianta. Ba chóir duit doirse na feithicle a choinneáil faoi ghlas agus na fuinneoga a choinneáil dúnta, agus a bheith thar a bheith aireach nuair atá tú ag taisteal, go háirithe san oíche.

Má dhéantar tú a mhugáil nó má fhuadaítear do charr ba chóir duit guaim a choinneáil ort féin, níor chóir duit seasamh suas duit féin agus ba chóir duit do chuid nithe luachmhara a thabhairt ar lámh gan aon cheist. Seachain féachaint sa tsúil ar an té atá do robáil.

Ag tabhairt cuairt ar na Bailecheantair

Tugtar comhairle do chuairteoir a bheith an-aireach má tá siad ag taisteal chun bailecheantair. Moltar duit gan cuairt a thabhair ar bhailecheantair ach amháin mar chuid de thuras aitheanta.

Coinnigh suimeanna móra airgid, seodra luachmhara, ceamaraí agus fón póca as radharc. 

Coiriúlacht a chur in iúl

Má fhulaingíonn tú coir san Afraic Theas, cuir é sin in iúl do na póilíní láithreach ar 10111 (112 ó fhón póca). Agus féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh linn in Ambasáid na hÉireann i bPretoria má tá cabhair ag teastáil uait.

Tiomáint

Tá na rialacha bóthair san Afraic Theas cosúil a bheag nó a mhór le rialacha na hÉireann. Go ginearálta tá na bóithre go maith, ach tá roinnt de na bóithre i gceantair iargúlta go dona. Baineann éagsúlacht mhór leis an gcaighdeán tiomána san Afraic Theas agus tarlaíonn líon mór tionóiscí marfacha sa tír gach aon bhliain.

Má theastaíonn uait tiomáint:

  • Tabhair leat do cheadúnas  tiomána Éireannach iomlán agus cinntigh go bhfuil árachas leordhóthanach agus iomchuí agat.  Beidh an ceadúnas tiomána Éireannach bailí suas go dtí 12 mí tar éis duit dul chun na hAfraice Theas, ar an gcoinníoll go bhfuil grianghraf agus síniú an tsealbhóra air.
  • Tiomáin go cúramach agus cloí le rialacha tráchta na hAfraice Theas, ar nós teorainneacha luais.
  • Seachain imthosca ‘buile bhóthair’ mar go bhféadfadh rudaí a dhul in olcas go tapa agus d’fhéadfadh siad éirigh foréigneach
  • Tá sé in aghaidh an dlí tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus tá an baol ann go gcoinneofaí tú, go gcuirfí fíneáil ort nó go gcuirfí toirmeasc ar thiomáint ort dá mbéarfaí ort
  • Caith crios sábhála i gcónaí
  • Coinnigh doirse na feithicle faoi ghlas agus coinnigh do chuid málaí as radharc le hiarracht ar mhálaí a ghoid ag na soilse tráchta a sheachaint
  • Tá stadanna ceithre bhealach coitianta ag crosbhealaí nach bhfuil chomh gnóthach sin – tá tosaíocht ag an gcéad fheithicil a shroicheann ceann scríbe. Ba chóir a bheith aireach ó thaobh timpealláin (ciorcail mar a thugtar orthu san Afraic Theas). Is róbait a thugtar ar shoilse tráchta san Afraic Theas
  • Páirceáil ina áiteanna le go leor soilse. Ná tabhair síob do dhuine ar bith nach n-aithníonn tú. Ná stop le cabhair a thabhair do thiománaithe eile (a bhfuil an chosúlacht ann) go bhfuil siad faoi bhrú, mar gur cleas atá anseo a úsáideann na  fuadaitheoirí uaireanta.  Is fearr eachtra den chineál sin a thuairisciú do na Póilíní.
  • Seachain úsáid a bhaint as ATManna i ngaráistí agus in áiteanna le droch-shoilse. Bí airdeallach maidir le duine ar bith a bhíonn ag iarraidh cabhair a thabhairt duit ag ATM
  • Ná bíodh málaí, cásanna nó nithe luachmhara le feiceáil i do charr  – ba chóir na nithe sin a bheith faoi ghlas sa bhúit.
  • Seachain tránna agus ionaid phicnic ar fud na hAfraice Theas atá iargúlta agus fan in éineacht le comhluadar. Ní mholtar siúl asat féin in áit ar bith, go háirithe i gceantair iargúlta agus ba chóir do shiúlóirí fanacht leis na bealaí atá molta. Cuir glaoch ar na póilíní ar 10111 (112 ó fhón póca) ar an nóiméad is a mhothaíonn tú faoi bhagairt.

Feithicil a fhruiliú

Má tá feithicil á fruiliú agat, moltar duit gan do phas a thabhairt ar lámh mar shlándáil.  Má thugann tú cead do phas lena chóipeáil cinntigh go bhfuil tú in ann é a fheiceáil an t-am ar fad.

Seiceáil go bhfuil árachas leordhóthanach agat agus léigh coinníollacha agus téarmaí an chonartha fruilithe feithicle (go háirithe aon tarscaoileadh a mbeadh feidhm leis dá ndéanfaí damáiste don fheithicil).

Dlíthe agus Gnásanna Áitiúla

Dlíthe agus nósanna áitiúla

Comhairle phraiticiúil

  • Léigh an chomhairle taistil, faigh an méid eolais agus is féidir leat roimh thaisteal agus faigh comhairle áitiúil nuair a shroicheann tú ceann scríbe
  • Cuimhnigh go mbaineann na dlíthe áitiúla leatsa mar chuairteoir agus tá sé mar fhreagracht ort iad a leanúint
  • Bíodh meas agat ar nósanna, traidisiúin agus ar chleachtais áitiúla mar go bhféadfaí féachaint ar d’iompar mar iompar míchuí, naimhdeach nó fiú in aghaidh an dlí

Drugaí neamhdhleathacha

Tá pionóis thromchúiseacha ag gabháil le soláthar agus le drugaí a bheith i do sheilbh araon san Afraic Theas agus d’fhéadfadh príosúnacht saoil a bheith i gceist.

Striapachas

Tá an striapachas neamhdhleathach san Afraic Theas. Tá baol an-ard ag baint le hionfhabhtú  ó VEID (víreas easpa imdhíonachta daonna) agus SEIF (siondróm easpa imdhíonachta faighte) san Afraic Theas. Má tá tú amhras ort go bhféadfá a bheith a bheith i mbaol ó ionfhabhtú ba chóir duit cúram liachta a lorg láithreach.

Tubaistí Nádúrtha agus an Aeráid

Tubaistí nádúrtha agus an aeráid

Aeráid

Tá aeráid fo-thrópaiceach agus teocht te san Afraic Theas ar feadh an chuid is mó den bhliain.  Bíonn an chuid is mó den bháisteach sa Western Cape sa gheimhreadh, ach go ginearálta is réigiún báistí shamhraidh atá sa chuid eile den tír.

Níl cosúlacht ar bith idir séasúir na hAfraice Theas agus séasúir na hEorpa.

Faisnéis Bhreise

Eolas Breise

Riachtanais iontrála (víosa/pas)

Má tá sé ar intinn agat níos lú ná 90 lá a chaitheamh san Afraic Theas ní bheidh víosa ag teastáil uait. Is féidir leat cead chun fanacht a fháil ón Roinn Gnóthaí Baile, ach ní féidir an cead sin a athnuachan ach aon uair amháin do thréimhse 90 lá eile. Déan teagmháil leis an Ambasáid nó le Consalacht na hAfraice Theas le tuilleadh mionsonraí a fháil maidir le dul chun na hAfraice Theas.

Ar 21 Lúnasa 2014 d’fhógair Aire Sláinte na hAfraice Theas, Aaron Motsoaledi, cosc ar iontráil do neamhnáisiúnaigh na Afraice Theas ag taisteal ó thíortha atá ainmnithe mar thíortha ardriosca d’Ebola.  Ní cheadófar do náisiúnaigh Éireannacha atá ag iarraidh taisteal go dtí an Afraic Theas ón Ghuine, ón Libéir nó ó Shiarra Leon dul isteach sa tír. Is beart éigeandála é seo a leanfar leis go dtí go mbeidh an ghéarchéim Ebola in Iarthar na hAfraice réitithe.

Pasanna

Ní mór go mbeidh dhá leathanach ar a laghad atá glan i do phas agus níor chóir go mbeadh damáiste déanta dóibh sin ar aon bhealach. Má theipeann ar do phas ceachtar den dá éileamh sin a chomhlíonadh, seolfaidh údaráis na hAfraice Theas ar ais láithreach é. Ní bheidh ar chumas Ambasáid na hÉireann cabhair a thabhairt duit ar aon bhealach má dhiúltaítear cead isteach duit ar cheachtar cúis.

Ní mór go mbeadh do phas bailí freisin ar feadh sé mhí ar a laghad ón dáta a bhfuil sé i gceist agat an Afraic Theas a fhágáil.

Airgead

Is é an rand airgeadra na hAfraice Theas. Ciallaíonn rialacháin rialaithe maidir le malartú go bhfuil sé deacair airgeadra eachtrach a cheannach gan dul trí nósanna imeachta atá fadálach agus casta. 

Tá go leor cásanna ann a bhaineann le calaois cártaí creidmheasa agus le calaois ATManna. Bí cúramach, amhail mar a bhíonn tú in Éirinn, agus tú ag úsáid ATM lena chinntiú nach bhfuil aon duine eile in ann d’uimhir UAP a fheiceáil nuair atá tú ag tógáil airgid amach. Ba chóir aon tairiscint ar chabhair ó dhaoine atá ina seasamh taobh thiar duit a dhiúltú.  Ná malartaigh suimeanna móra airgid in áiteanna poiblí atá gnóthach.

Sláinte

Tá an chóireáil ospidéil i gcathracha móra na hAfraice Theas go maith ach costasach. D’fhéadfadh na saoráidí liachta atá i gceantair thuaithe a bheith bunúsach. Is aslonnú aeir an t-aon rogha a bhíonn ann ag amanna ó thaobh éigeandáil liachta in áiteanna iargúlta. Moltar go láidir duit árachas taistil cuimsitheach a fháil, lena n-áirítear árachas liachta sula dtéann tú chun na hAfraice Theas, agus comhairle liachta a lorg roimh thaisteal lena chinntiú go bhfuil  an vacsaíniú iomchuí cothrom le dáta.

VEID agus SEIF

Tá leibhéil an-ard VEID agus SEIF san Afraic Theas. Ba chóir duit a bheith an-aireach má bhíonn tú rannpháirteach i ngníomhaíochtaí  lena mbaineann baol ó ionfhabhtú. Má tá amhras ort go bhféadfá a bheith i mbaol ó ionfhabhtú ba chóir duit cúram liachta a lorg láithreach.

Léigh tuilleadh faoi Chlár SEIF (Aids) na hÉireann ar HIV agus AIDS san Afraic Theas agus ar fud an Domhain. 

Maláire

Tá an Mhaláire forleathan i gcodanna deMpumalanga, i gcúige Limpopo agus iKwaZulu-Natal(go háirithe sna ceantair Bhogaigh timpeallSt. Lucia). Ba chóir duit comhairle liachta a lorg sula dtéann tú chuig na ceantair sin, lena n-áirítear Páirc Kruger, maidir le cógais frith-mhaláire oiriúnach agus réamhchúraimí a ghlacadh le greamanna ó mhuiscítí a sheachaint.   

Calar

Bíonn ráigeanna tréimhsiúla den chalar sna ceantair thuaithe san Afraic Theas, go háirithe i dTuaisceartKwaZulu-Natal,Mpumalanga, agus i gcúigíLimpopo. Moltar duit a bheith cúramach ó thaobh sláinteachas pearsanta agus gan uisce ól ach amháin as buidéal nuair atá tú ag taisteal sna ceantair sin.

Fiabhras buí

Ní mór d’aon duine atá ag dul chun na hAfraice Theas ó thír ina bhfuil fiabhras buí deimhniú vacsaíne don fhiabhras buí a bheith acu atá bailí ar feadh sé lá ar a laghad sula dtéann siad chun na hAfraice Theas. Mura mbíonn an teastas seo agat ar shroicheadh na hAfraice Theas d’fhéadfaí gan cead  isteach sa tír a thabhairt duit nó vacsaín a thabhairt duit ag an aerfort agus tú a choinneáil ar choraintín suas go dtí sé lá. 

Ospidéil agus Clinicí

Cape Town

Ospidéal Christian Barnard     +27 (0)21 423 4835
Constantia Berg Mediclinic    +27 (0)21 799 2196

Johannesburg

OspidéalBedfordGardens    +27 (0) 11 677 8500
Sandton Medi-Clinic      +27 (0) 11 709 2000
Ospidéal Chris Hani Baragwanath   +27 (0) 11 933 8000
Éigeandáil – 24 uaire an chloig     +27 (0)11 706 7710

Pretoria

Ospidéal Little Company of Mary  +27 (0)12 424 3600
Ospidéal Pretoria Academic (Steve Biko)   +27 (0)12 354 1000
Ospidéal Zuid-Africanns     +27 (0)12 343 5482
Ospidéal Die Wilgers     +27 (0)12 807 8100
UnitasHospital Centurion    +27 (0)12 677 8000

Durban

Ospidéal Addington     +27 (0)31 327 2000
Ospidéal Netcare Parklands     +27 (0)31 242 4000
Ospidéal King Edward VIII     +27 (0)31 360 3111
Ospidéal Crompton     +27 (0)31 702 0777

 

Embassy contact

Embassy Contact

Embassy of Ireland
2nd Floor, Building A
238 Florence Ribeiro Avenue
Nieuw Muckleneuk
Pretoria
South Africa

Tel: + 27 12 452 1000
Fax: + 27 12 342 4752

Monday to Thursday 09:00-12:00

Contact us