Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/pasanna.

Update on Passport Services

If the Passport Service has asked you to resubmit a photo, consent form, witness form or other supporting documents to help us approve your passport but your link has expired, you can request a new resubmission link here.

You do not need to contact the Customer Service Hub. 

Seirbhís na bPasanna Na Ceisteanna is Coitianta maidir le Rianú

Amanna Rianúcháin/Slánúcháin

C. Cén fáth a bhfuil sé ag tógáil an oiread sin ama mo phas a fháil? Dúradh liom in oifig an phoist go dtógfadh sé 15 lá oibre.

Cé go ndéanaimid ár seacht ndícheall iarratais a phróiseáil laistigh de 15 lá oibre, ní i gcónaí gur féidir é seo a dhéanamh agus braitheann sé ar a oiread éilimh atá orthu agus ar chúinsí eile. Tá na hamanna reatha slánúcháin ar fáil ar an láithreán gréasáin. Moltar do dhaoine iarratas a dhéanamh ar a laghad sé seachtaine sula dtéann siad ag taisteal, chun nach mbeidh díomá orthu.

Tá an nasc chuig leathanach na n-amanna slánúcháin anseo.

Ní cheadaíonn oifig na bpasanna do bhaill foirne An Post / oifigí poist comhairle a thabhairt maidir le hamanna slánúcháin.

C. Tá iarratas istigh ag mo mhac/m'iníon. Má ghlaoim ar oifig na bpasanna, an bhféadfaidh tú an t-iarratas a phlé liom?

F. Má tá an t-iarratasóir os cionn 18 mbliana, ní féidir linn an t-iarratas seo a phlé le tríú páirtí ar chúiseanna a bhaineann le cosaint sonraí. Beidh ar an iarratasóir dul i dteagmháil le hoifig na bpasanna. Má tá an t-iarratasóir faoi bhun 18 mbliana, is féidir linn an t-iarratas a phlé le tuismitheoir/caomhnóir.

C. Tá iarratas istigh ag mo mhac/m'iníon, atá faoi bhun 18 mbliana. Má ghlaoim ar oifig na bpasanna, an bhféadfaidh tú an t-iarratas a phlé liom?

F. Ar chúiseanna a bhaineann le cosaint sonraí, ní féidir linn iarratas mionúir a phlé le haon duine seachas tuismitheoir/caomhnóir.

C. Rinne mé iarratas trí Sheirbhís na bPasanna Luais. An féidir liom iarratas eile a dhéanamh trí oifig Chorcaí nó oifig Shráid an Mhóta?

F. Ní féidir dhá iarratas a bheith agat sa chóras ag an am céanna.

C. An féidir leat barántas a thabhairt dom go bhfaighidh mé mo phas faoin spriocdháta eisithe?

F. Ní féidir.

C. Cathain ba cheart dom iarratas a dhéanamh ar phas nua?

Slat tomhais mhaith é do phas a choinneáil bailí go ceann sé mhí tar éis an dáta a bhfillfidh tú abhaile. Is féidir leat taisteal taobh istigh den AE suas go dtí an dáta éagtha féin. Mar sin féin, moltar teagmháil a dhéanamh le hambasáid na tíre a bhfuil sé i gceist agat taisteal chuici agus fiosrú a dhéanamh leo faoi na riachtanais ar leithligh atá acu sin.

Ní gá duit fanacht go n-éagfaidh do phas reatha chun cur isteach ar cheann nua.

Moltar do dhaoine iarratas a dhéanamh ar a laghad sé seachtaine sula dtéann siad ag taisteal, chun nach mbeidh díomá orthu.

C. Chuir mé m'uimhir rianúcháin amú. An féidir leat cabhrú liom m'iarratas a aimsiú?

A. Tabhair d'ainm faoi mar atá le feiceáil ar do phas, do dháta breithe, sloinne do mháthar, do sheoladh agus d'uimhir PPS, agus tabhair uait an t-eolas sin ar an bhfón, ar ríomhphost, trí chomhrá nó ar líne. Déanfaidh duine de na baill foirne iarracht teacht ar d'iarratas sa chóras agus rachaidh i dteagmháil leat.

Iarrataí chun Iarratais a Bhrostú

C. Teastaíonn mo phas uaim roimh an spriocdháta eisithe. An féidir é a eisiúint níos tapa?

A. Ní féidir tús áite a thabhairt d'iarratais ach amháin sa chás gur gá do dhuine taisteal go práinneach, i ndáiríre, de bharr duine de theaghlach an duine sin leis a bheith ag fáil bháis, a bheith tinn nó gá a bheith ann teacht i gcabhair air. Seol do chuid sonraí ar fad, lena n-áirítear d'uimhir rianúcháin, fianaise infhíoraithe ar éigeandáil agus sonraí taistil, chuig travelemergency[at]dfat[dot]ie.

C. Tá an spriocdháta eisithe a bhaineann le m'iarratas-sa ar phas thart. Céard ba cheart dom a dhéanamh?

F. Tabhair d'uimhir rianúcháin ar an bhfón, ar ríomhphost nó trí chomhrá ar líne. Déanfaidh duine de na baill foirne teagmháil leis an oifig eisithe faoi seo.

C. Teastaíonn mo phas uaim chun taisteal le haghaidh poist/agallaimh. An féidir é a bhrostú?

F. (i) más rud é go bhfuil d'iarratas seolta isteach agat, ní bheifear ábalta é a bhrostú óir tá sé sa chóras cheana. Eiseofar é taobh istigh den tréimhse slánúcháin shonraithe.

(ii) Más rud é nach bhfuil d'iarratas seolta isteach agat, ba cheart duit coinne a dhéanamh teacht ar cuairt chuig Oifig na bPasanna i Sráid an Mhóta nó i gCorcaigh. Tabhair leat cóip de do chuid sonraí taistil agus deimhniú fostaíochta/agallaimh.

Iarratasóirí sa Ríocht Aontaithe (gan Tuaisceart Éireann san áireamh)

C. Cén fáth a bhfuil sé ag tógáil an fhaid sin mo phas a fháil? Rinne mé iarratas air tríd an bpost cláraithe sa Ríocht Aontaithe.

F. Is féidir amanna reatha slánúcháin na n-iarratas a chuirtear faoinár mbráid ón Ríocht Aontaithe a fháil anseo. Cé go ndéanaimid ár seacht ndícheall cloí leis na hamanna sin, ní i gcónaí gur féidir é seo a dhéanamh agus braitheann sé ar a oiread éilimh atá orthu agus ar chúinsí eile.

C. An dteastaíonn pas uaim chun taisteal idir Éirinn agus an Bhreatain Mhór?

A. Ní theastaíonn. Mar sin féin, iarrann roinnt aerlínte pas mar chruthúnas céannachta. Ba cheart duit é a dheimhniú leis an aerlíne a bhfuil tú ag eitilt leo. (Tabhair do d'aire: glacann gach aerlíne leis an gcárta pas).

Thar Lear

C. Sheol mé iarratas trí Ambasáid na hÉireann ach ní féidir liom teacht air ar an gcóras rianúcháin, Cathain a bheidh sé réidh?

F. Déanann an Ambasáid/Misean an bunmheasúnú ar d'iarratas. Nuair a chinnteofar teidlíocht, seolfar d'iarratas go dtí an ceanncheathrú lena phróiseáil agus is ag an am sin agus ag an am sin amháin a ndéanfar é a thaifeadadh ar ár gcóras rianúcháin. Go dtí go mbeidh sé le feiceáil ar an gcóras rianúcháin, is gá iarrataí ar nuashonrú a dhéanamh leis an Ambasáid/gConsalacht a ndearna tú d'iarratas leo.

Bailiú

C. An gá dom mo phas a bhailiú mé féin?

F. Má tá d'iarratas leagtha isteach agat in Oifig na bPasanna ar Shráid an Mhóta nó i gCorcaigh, féadfaidh tú duine a ainmniú chun é a bhailiú thar do cheann. Caithfidh an duine sin litir shínithe uaitse a thabhairt leis, á cheadú an pas a bhailiú duit, mar aon le grianghraf céannachta de féin.

C. Rinne mé iarratas trí Sheirbhís na bPasanna Luais. An féidir liom mo Phas a bhailiú in oifig Bhaile Brigín?

F. Ní féidir. Níl an oifig sin oscailte don phobal.

C. Tá iarratas déanta agam tríd Sheirbhís na bPasanna Luais. An féidir liom mo phas a bhailiú in oifig Shráid an Mhóta / oifig Chorcaí?

F. Ní féidir. Tá iarratas déanta agat trí Sheirbhís na bPasanna Luais. Cuirfear ar ais chugat é sa phost, go dtí an seoladh a thug tú ar d'iarratas.