Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/pasanna.

Níl an leagan Gaeilge ar fáil go fóill, más maith leat an leagan Béarla a léamh féach thíos.

See our information about getting a photo for your passport application.

Treoirlínte maidir le grianghraif

Cad iad na treoirlínte le haghaidh grianghraif pas?

Méid

  • Íosmhéid: 35mm x 45mm
  • Uasmhéid: 38mm x 50mm

Soilsiú agus fócas

  • Ní mór go mbeidh fócas géar ar ghrianghraif agus go mbeidh siad nochta i gceart
  • NÍ CEART scáileanna ón gcloigeann a bheith sa chúlra
  • Tá sé riachtanach go mbeidh dea-chothroime dathanna agus ton nádúrtha craicinn iontu
  • Níl ‘súile dearga’ inghlactha i ngrianghraif
  • Is gá codarsnacht shoiléir idir gnéithe d’aghaidh agus an cúlra

Cáilíocht grianghraf

  • Ní mór grianghraif a chló ar pháipéar de cháilíocht atá oiriúnach le haghaidh grianghraf ardtaifigh
  • Ní ceart go mbeidh aon mharcanna dúigh ná rocanna orthu
  • Ní ghlacfar le haon fheabhsú digiteach ná aon athruithe
  • Ní mór go mbeidh cúl na ngrianghraf bán agus neamhghlónraithe
  • Moltar grianghraif dubh agus bán mar go ndéantar iad a phriontáil go digiteach ar an bpas i ndubh agus i mbán. Ach glactar le grianghraif le dathanna freisin.

Nithe is ceart agus nach ceart a dhéanamh i gcás grianghraif pas

Staidiúir

  • Bíodh do cheann i lár báire sa ghrianghraf
  • Féach díreach isteach sa cheamara
  • Cinntigh go bhfuil gnéithe d’aghaidh le feiceáil go soiléir, ó íochtar do smig go dtí barr do chinn
  • Ná crom do cheann suas/síos ná ar chlé/ar dheis

Dreach

  • Coimeád dreach d’aghaidh neodrach (ná hardaigh na malaí, ná bíodh gnúis ort)
  • Coinnigh do dhá shúil ar oscailt agus do bhéal dúnta
  • Ná bíodh meangadh gáire ort

Spéaclaí, clúdaigh cloiginn agus éadaí

  • Caith do chuid spéaclaí (má chaitheann tú de ghnáth iad) ach cinntigh nach bhfuil aon frithchaitheamh ar na lionsaí agus nach gclúdaíonn na frámaí do chuid súile
  • Ná caith spéaclaí gréine nó spéaclaí le lionsaí imire, mura bhfuil siad agat ar oideas
  • Ná caith clúdach ar do cheann mura bhfuil sin ort ar chúiseanna reiligiúnacha ná liachta
  • Ná caith éide, sibhialta nó míleata (e.g. a léiríonn suaitheantais, ionchomhartha)

Naíonáin

Ba chóir grianghraif a thógáil de naíonáin nó de leanaí an-óg nach bhfuil in ann suí suas leo féin agus iad ina luí ar dhromchla bán gan phatrún. Níor chóir go mbeadh aon duine eile le feiceáil sa ghrianghraf, agus mar sin cinntigh nach mbeidh lámha nó géaga a úsáidfear chun tacú leis an leanbh le feiceáil.

Daoine atá faoi mhíchumas

Má tá míchumas ort a chuireann cosc ort na riachtanais seo go léir a chomhlíonadh, bí i dteagmháil linn le do thoil agus féadfaidh muid comhairle a chur ort.

Passport Photo guidelines