Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/pasanna.

Toiliú i gcás leanaí

Cad iad na ceanglais maidir le toiliú tuismitheoirí nó caomhnóirí i gcás iarratais le haghaidh leanaí atá faoi bhun 18 mbliana d’aois?

Déileáiltear le toiliú tuismitheora i gcás leanaí i gCuid 7 den fhoirm iarratais

Is gá toiliú gach caomhnóra a fháil le haghaidh leanaí atá faoi bhun 18 mbliana d’aois, mura bhfuil an leanbh pósta. Ní ceart Caomhnóireacht a mheascadh le coimeád arb é atá ann cúram a thabhairt don leanbh ó lá go lá.

  • Comhchaomhnóirí is ea tuismitheoirí pósta linbh agus tá cearta comhionanna acu i ndáil leis an leanbh;
  • Ní comhchaomhnóirí linbh iad tuismitheoirí nach bhfuil pósta, níl ach an mháthair ina caomhnóir uathoibríoch de chuid an linbh. Trí ainm an athar a thaifeadadh i gClár na mBreitheanna, ní thugtar aon chearta caomhnóireachta dó i leith a linbh.

Leagtar síos cearta tuismitheoirí chun caomhnóireachta in Alt 6 den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964.

Tuismitheoirí atá pósta nó a bhí pósta

Féadfaidh an bheirt tuismitheoir an chuid iomchuí de Chuid 7 a chomhlánú agus a shíniú i láthair finné oiriúnach. 

Má tá tuismitheoir amháin ann nach toil leis nó léi, nó nach bhfuil ar fáil chun, a thoiliú nó a toiliú a thabhairt go n-eiseofar pas a linbh, beidh gá le hordú cúirte lena ndéanfar toiliú an tuismitheora sin a ligean thar ceal chun dul ar aghaidh le hiarratas an linbh. Ba cheart don Ordú Cúirte sin a ordú d’Oifig na bPasanna toiliú an tuismitheora nach toil leis nó léi an pas a eisiúint nó nach bhfuil ar fáil a ligean thar ceal agus a cheadú d’Oifig na bPasanna pas a eisiúint chuig do leanbh.

Chun tuilleadh eolais a fháil:

Má tá tú i do chónaí i mBaile Átha Cliath: déan teagmháil leis an Rannán Dlí Teaghlaigh de chuid na Cúirte Dúiche.

Má tá tú i do chónaí lasmuigh de Bhaile Átha Cliath: déan teagmháil leis an gCúirt Dúiche Áitiúil.

Tuismitheoirí a bhí pósta ach tá tuismitheoir amháin éagtha

Féadfaidh an tuismitheoir a mhaireann an chuid iomchuí de Chuid 7 a chomhlánú agus a shíniú i láthair finné oiriúnach.

Ba cheart deimhniú báis bunaidh an tuismitheora éagtha mar aon le foirm na Mionnscríbhinne Caomhnóra Aonair (AFF1) a chur isteach. Ba cheart an mhionnscríbhinn sin a chomhlánú i láthair aturnae/coimisinéir mionn á dhaingniú gur caomhnóir aonair dlíthiúil an linbh an tuismitheoir a mhaireann. Clóigh foirm AFF1 .

Níl ach an mháthair ainmnithe ar dheimhniú breithe an linbh

Ní mór do mháthair an linbh an chuid iomchuí de Chuid 7 a chomhlánú agus a shíniú i láthair finné oiriúnach.

Ní mór di freisin foirm mionnscríbhinne (AFF1) a chomhlánú i láthair aturnae/coimisinéir mionn, á dhaingniú gurb í an caomhnóir aonair dlíthiúil í. Clóigh foirm AFF1 .

Tuismitheoirí nach bhfuil pósta ach a bhfuil an bheirt acu ainmnithe ar dheimhniú breithe an linbh

Leanbh a rugadh in Éirinn:

Féadfaidh an bheirt tuismitheoir an chuid iomchuí de Chuid 7 a chomhlánú agus a shíniú i láthair finné oiriúnach.

Más caomhnóir aonair dlíthiúil an linbh í an mháthair, ní mór di foirm mionnscríbhinne (AFF1) a chomhlánú i láthair aturnae/coimisinéir mionn. Clóigh foirm AFF1.

Más rud é gur thug na cúirteanna cearta caomhnóireachta don athair, nó gur chomhlánaigh an bheirt tuismitheoir Dearbhú Reachtúil á rá go bhfuil athair an linbh tagtha chun bheith ina chomhchaomhnóir, ansin is gá toiliú an athar a fháil.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Dearbhú Reachtúil, déan teagmháil le haturnae nó coimisinéir mionn.

Leanbh a rugadh i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór:

Má ainmnítear an t-athair ar an deimhniú breithe agus go ndearna an bheirt tuismitheoir an bhreith a chlárú, measfar go bhfuil freagracht tuismitheora ar an athair (nó caomhnóireacht aige) i leith an linbh, is cuma cén stádas pósta atá ag na tuismitheoirí.

Ritheadh an méid sin ina dhlí ar na dátaí seo a leanas:

  • Tuaisceart Éireann: an 15 Aibreán 2002
  • Sasana agus an Bhreatain Bheag: an 1 Nollaig 2003
  • Albain: an 4 Bealtaine 2006

Roimh an reachtaíocht sin, ba í an mháthair amháin a measadh a bheith ina caomhnóir uathoibríoch.

Leanaí a rugadh roimh an reachtaíocht

Más rud é gur rugadh an leanbh roimh na dátaí thuas agus gurb í an mháthair caomhnóir dlíthiúil aonair an linbh, ní mór di foirm mionnscríbhinne (AFF1) a chomhlánú i láthair aturnae/coimisinéir mionn. Clóigh foirm AFF1.

Leanaí a rugadh tar éis na reachtaíochta

Más rud é gur rugadh an leanbh i gceann de na tíortha sin tar éis na ndátaí thuas, ní mór don bheirt tuismitheoir an chuid iomchuí de Chuid 7 a chomhlánú agus a shíniú i láthair finné oiriúnach.

Ordú maidir le Saincheisteanna Sonracha

Má tá tuismitheoir amháin ann nach toil leis nó léi, nó nach bhfuil ar fáil chun, a thoiliú nó a toiliú a thabhairt go n-eiseofar pas a linbh, ní mór don chúirt iomchuí Ordú maidir le Saincheisteanna Sonracha lena ndéanfar toiliú an tuismitheora sin a ligean thar ceal a fháil sula mbeimid in ann dul ar aghaidh le hiarratas an linbh.

An chaoi chun iarratas a dhéanamh ar phas do linbh

Cé is finné oiriúnach ann chun críocha Roinn 7

Leanaí faoi chúram Tusla

Úsáid an rogha Leanaí faoi Chúram ar ár bhfoirm ríomhphoist déan teagmháil linn anseo.