Eolas ar riachtanais i dtaobh pas don Chlár Tarscaoilte Víosa
Na Stáit Aontaithe
Ní mór go mbeadh do Phas Éireannach bailí go dtí an dáta a mbeidh tú ag filleadh abhaile agus ní mór gur pas leictreonach (bithmhéadrach) é. Is féidir pas leictreonach a aithint freisin ón tsiombail ar chlúdach tosaigh an leabhráin pas.
Ina theannta sin, ní mór duit clárú ar líne leis an gCóras Leictreonach i leith Údarú Taistil (ESTA) faoin gClár Tarscaoilte Víosa chun dul isteach sna Stáit Aontaithe.
Comhairle i leith pasanna Éireannacha agus riachtanais nua maidir le víosaí na Stát Aontaithe:
Ina gcás siúd a bhfuil sé beartaithe acu taisteal go dtí na Stáit Aontaithe, ach nach bhfuilpas leictreonach (a bhfuil fáil air ón 16 Deireadh Fómhair 2006) acu, ní mór dóibh iarratas a dhéanamh ar phas nua. Go ginearálta, molaimid do dhaoine iarratas a dhéanamh thart ar 6 seachtaine roimh thaisteal dóibh. Tá pasanna athnuaite á n-eisiúint faoi láthair trí sheirbhís na bpasanna luais (trí gach Oifig Phoist) laistigh de 11-12 lá oibre.
Daoine a bheidh ag taisteal laistigh de 3 lá agus nach mór dóibh a bpas a athnuachan, is féidir leo coinne a dhéanamh don tSeirbhís Mhear-Athnuachana dár gcuid ag an oifig i mBaile Átha Cliath, ar Shráid an Mhóta Íochtarach, ag https://www.passportappointments.ie.
Ina gcás siúd a bheidh ag taisteal faoi cheann breis is 3 lá ach laistigh de 15 lá oibre, is féidir leo coinne a dhéanamh ag Oifig na bPasanna i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh https://www.passportappointments.ie.
Le haghaidh eolas cothrom le dáta ar riachtanais i dtaobh víosaí chun dul chuig na Stáit Aontaithe, féach le do thoil ar shuíomh gréasáin Ambasáid na Stát Aontaithe in Éirinn.