Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Déan teagmháil le hOifig na bPasanna

Tá nós imeachta foirmiúil maidir le tuairimí agus gearáin ag Seirbhís na bPasanna ionas gur féidir le custaiméirí aiseolas a thabhairt maidir le caighdeán na seirbhíse a fhaigheann siad.

Ba mhaith linn go gcuirfeadh custaiméirí in iúl dúinn é nuair a fhaigheann siad seirbhís mhaith nó insint dúinn conas is féidir an tseirbhís a fheabhsú.  Is faoi rún a chaithfear leis na tuairimí uait.

Is féidir leat tuairim nó gearán a chur isteach ar an bhfoirm thíos nó trí scríobh chuig Oifigeach na nGearán faoi Phasanna, Áras Chnoc Muáin, 42-47, Sráid an Mhóta Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 TN83.

Tá sé mar aidhm ag Seirbhís na bPasanna gearáin a réiteach chomh luath agus is féidir. Mura bhfuil sé sin indéanta, déanfaimid an méid seo a leanas:

  • Cuirfimid sonraí an ghearáin ar taifead agus admhóimid go bhfuaireamar é
  • Tabharfaimid freagra air a luaithe is féidir
  • Míneoimid an fáth, más rud é nach féidir do ghearán a réiteach ar aon chúis nach bhfuil neart againn uirthi