Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tabhair faoi deara go bhfuil an leathanach seo bogtha agus nach bhfuil an t-ábhar seo á nuashonrú a thuilleadh. Tá eolas cothrom le dáta ar fáil anois ag Ireland.ie/ga/dfa/pasanna.

Cén bhailíocht is gá dom a bheith agam ar mo phas Éireannach chun taisteal thar lear?

Braitheann sé ar an áit chuig a bhfuil tú ag taisteal. Le haghaidh gach ceann scríbe lasmuigh d’Éirinn agus an Bhreatain Mhór, ní mór duit taisteal ar phas Éireannach bailí.

An tAontas Eorpach

Ní mór go mbeidh do phas Éireannach bailí go dtí an dáta fillte.

Na Stáit Aontaithe

Ní mór go mbeidh do phas Éireannach bailí go dtí an dáta fillte. Agus ní mór duit Córas Leictreonach um Údarú Taisteal (ESTA) a fháil freisin faoin gClár Tarscaoilte Víosa chun dul isteach sna Stáit Aontaithe. Tig leat níos mó eolais a fháil ar shuíomh idirlín Ambasáid na Stát Aontaithe in Éirinn.

Gach tír eile

Athraíonn an bhailíocht pas is gá le haghaidh tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach agus de na Stáit Aontaithe go mór, mar sin, déan teagmháil leis an ngníomhaire taistil nó le hambasáid na tíre a bhfuil tú ag taisteal chuici chun na ceanglais is déanaí a fháil.