Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ár Straitéis agus ár dTreoirphrionsabail

Is é an misean atá ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ná freastal ar mhuintir na hÉireann, a gcuid luachanna agus an rath atá orthu a chur chun cinn thar lear, agus an cumas, an anailís agus an tionchar a sholáthar don Rialtas lena chinntiú go mbainfidh Éire an leas is mó as gach réimse rannpháirtíochta seachtraí dá cuid.

I Ráiteas Straitéise na Roinne, dírítear ar conas is féidir linn na cúraimí a sannadh dúinn sa Chlár um Rialtas Comhpháirtíochta a chur chun feidhme agus dúshláin idirnáisiúnta a shárú. Tá cúig sprioc ardleibhéil aitheanta againn sa Ráiteas Straitéise 2017-2020 chun ár gcuid oibre a threorú idir 2016 agus 2019, agus tá cur síos orthu thíos.

Agus an Ráiteas Straitéise á ullmhú, bhíomar faoi threoir ag na ráitis lárnacha faoi bheartas eachtrach An tOileán Domhanda: Beartas Eachtrach na hÉireann maidir le Domhan atá ag Athrú agus Beartas na hÉireann um Fhorbairt Idirnáisiúnta agus chuathas i gcomhairle le daoine lasmuigh den Roinn, lena n-áirítear daoine ar fud an Rialtais go léir agus leis an Oireachtas, mar aon le dul i gcomhairle le foireann na Roinne féin.

Muintir na hÉireann: Freastal ar mhuintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear agus an t-athmhuintearas agus an comhar a chur chun cinn

Gné lárnach dár gcuid oibre go fóill is ea an tsíocháin agus an chobhsaíocht a chothú ar an oileán seo agus comhdhlúthú a dhéanamh ar éachtaí Chomhaontú Aoine an Chéasta agus comhaontuithe a rinneadh ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an Comhaontú um Thús Nua agusComhaontú Theach Stormont. Baineann tábhacht ar leith leis an méid sin i gcomhthéacs chinneadh na Ríochta Aontaithe imeacht as an Aontas Eorpach. Leanfaimid ar aghaidh ag cothú an athmhuintearais agus ag forbairt deiseanna le haghaidh comhoibriú Thuaidh-Theas ar mhaithe leis an dá chuid den oileán seo.

Gné lárnach d’obair na Roinne is ea seirbhísí pasanna agus seirbhísí consalachta a sholáthar go héifeachtach dár saoránaigh sa bhaile agus thar lear. Leanfaimid ag aghaidh ag soláthar seirbhís pasanna atá nua-aimseartha agus slán. Bímid meáite i gcónaí ar fheabhas a chur ar ár bhfreagairt do ghéarchéimeanna agus ar an tslí ina bhfreastalaímid ar riachtanais na saoránach aonair agus iad ag taisteal thar lear.

Agus aird againn ar an sprioc sin, cuirfimid dlús faoinár gcuid iarrachtaí tacú le heisimircigh na hÉireann agus dul i mbun rannpháirtíocht fhónta le lucht an Diaspóra.

Ár nIonad san Eoraip: Luachanna agus leasanna na hÉireann san Eoraip a chosaint agus a chur chun cinn

Tá an caidreamh eadrainn féin agus an tAontas Eorpach fós ina ghné lárnach de bheartas eachtrach na hÉireann. Díreoimid ár gcuid iarrachtaí ar a chinntiú go mbeidh leasanna na hÉireann á gcur in iúl sa chaibidlíocht i leith imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach agus ar a chinntiú go mbeidh guth láidir ag Éirinn maidir leis an treo a ghlacfaidh an tAontas amach anseo.

Tá sé ina aidhm againn é sin a dhéanamh trí chaidreamh láidir a chothú le hinstitiúidí an Aontais agus leis na Ballstáit eile, chomh maith le buanchaidreamh déthaobhach a chothú leis an Ríocht Aontaithe, an chomharsa is gaire dúinn.

Oibreoimid lena chinntiú go gcuirfidh Éire go mór le hidirchaidreamh domhanda an Aontais Eorpaigh agus le cur chun cinn na síochána agus na slándála san Eoraip.

Ár gCuid Luachanna: A bheith ag obair ar mhaithe le domhan níos cothroime, níos córa, níos sábháilte agus níos inbhuanaithe

Tá sé ina chuspóir ag an Roinn luachanna na hÉireann a chur chun cinn i ngach réimse dá cuid oibre. Trínár gcuid oibre sa chomhar um fhorbairt agus tríd an bpáirt a ghlacaimid i bhfóraim iltaobhacha, tá sé ina chuspóir againn dul chun cinn breise a dhéanamh chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus an ocras, borradh a chur faoin bhforás geilleagrach do chách, agus cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. Cuirfimid chun cinn timpeallacht idirnáisiúnta atá cobhsaí, slán agus bunaithe ar rialacha trí na Náisiúin Aontaithe agus an Aontas Eorpach, agus trínár gcomhpháirtithe iltaobhacha agus déthaobhacha eile mar aon le heagraíochtaí neamhrialtasacha. Beidh ról láidir againn i ndáil lena chinntiú go gcuirfear chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.

Ár Rathúnas: Cur le rathúnas na hÉireann trínár leasanna geilleagracha a chur chun cinn thar lear

Tá sé fós ina phríomhthosaíocht ag an Rialtas an borradh geilleagrach a chur chun cinn sa tír seo. Tá príomhról ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i dtaobh an ghné idirnáisiúnta de bhorradh geilleagrach na hÉireann a chothú, i ndlúthchomhar leis na Gníomhaireachtaí Stáit, le gnólachtaí Éireannacha agus le Líonra Éireannaigh an Domhain.

Tá Éire á cur chun cinn ag ár líonra misean taidhleoireachta mar thír atá oscailte le haghaidh gnó agus mar cheann scríbe don infheistíocht isteach. Cothaímid dlúthchaidreamh déthaobhach d'fhonn ár leasanna geilleagracha thar lear a chur chun cinn, rud a chabhraíonn linn cúnamh a thabhairt i dtaobh poist a chruthú, deiseanna a shainaithint le haghaidh onnmhairí, agus an turasóireacht agus an t-oideachas in Éirinn a chur chun cinn. Cinntíonn ár misin freisin go gcuirtear eolas cruinn in iúl don phríomhlucht cinnteoireachta agus do lucht tionchair thar lear faoi na sochair a bhaineann le bheith i mbun gnó in Éirinn.

Ina theannta sin, cuireann an Roinn Éire chun cinn trí chlár láidir rannpháirtíochta cultúrtha ár gcuid Misean thar lear – tá sé ina chuspóir againn 300 imeacht den sórt sin a chur ar bun gach uile bhliain.

Ár dTionchar: Neartú a dhéanamh ar ár dtionchar agus ár n-acmhainn chun na spriocanna atá againn a bhaint amach

Cloíonn an Roinn leis an éiteas is airde i leith seirbhís phoiblí. Tá sé ina chuspóir againn a bheith inár Roinn oscailte, fhreagrach, ag a bhfuil lucht saothair gairmiúil cumasach i dtimpeallacht dhearfach oibre, a chomhlíonann an dea-chleachtas sa rialachas, atá freagrúil d'athruithe agus do dhúshláin sa tír seo agus ar domhan, agus a sholáthraíonn seirbhís aontaithe don Rialtas agus do Shaoránaigh na hÉireann.

In ionad féachaint ar ár spriocanna ardleibhéil astu féin, aithnímid – mar a luaitear go soiléir in An tOileán Domhanda – go bhfuil siad fite fuaite lena chéile agus go dtacaíonn siad lena chéile. Tá obair gach uile dhuine sa roinn seo dírithe ar na spriocanna sin a bhaint amach. Is féidir tuilleadh eolais a fháil sa Ráiteas Straitéise.

Chun tuilleadh eolais a

Léigh ár Ráiteas Straitéise 2021-2023