Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Nósanna Imeachta Tuairiscithe CTE

Éilítear ar eagraíochtaí a fuair deontais faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach (CTE) an méid seo a chur isteach i leith gach tionscadail:

  • Tuairisc ina bhfuil Cur Síos ar an Dul Chun Cinn, agus
  • Cuntais Airgeadais (féach an nóta treorach ar leithligh)

Tá gá le tuairisciú stuama ionas gur fearr a thuigfidh na measúnóirí deontais an obair a dhéanann eagraíochtaí agus an tionchar a imríonn siad. Is é an taithí atá againn go mbíonn na tuarascálacha is fearr bunaithe ar mhonatóireacht ardchaighdeán a dhéanann eagraíochtaí agus go n-úsáidtear teanga agus méadracht shoiléir iontu chun tionchar na hoibre agus tionchar an maoiniú CTE a thaispeáint.

Ní mór d'eagraíocht tuairisciú maith a dhéanamh chun an tionchar a imríonn obair na heagraíochta a thuiscint agus, i dteannta le nósanna imeachta monatóireachta, féadfaidh sé cabhrú le heagraíochtaí réimsí laige a fheiceáil, ó easpa éifeachtachta go dtí fadhbanna níos tromchúisí cosúil le calaois agus mí-bhainistiú airgeadais.

Ina theannta sin, cabhraíonn an mheastóireacht thréimhsiúil le heagraíochtaí ceachtanna a fhoghlaim agus a bheith i mbun pleanála (i measc feidhmeanna eile). Moltar d'eagraíochtaí meastóireacht rialta a dhéanamh ar thionscadail shonracha ar mhaithe le feabhas a chur ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht a gcuid oibre. Forchoimeádann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an ceart chun meastóireacht rialta a dhéanamh ar thionscadail nó eagraíochtaí atá á maoiniú.

Ba chóir go mbeadh próisis tuairiscithe foriomlána don CTE dírithe ar a léiriú go mbaintear amach torthaí – ní ar a léiriú gur soláthraíodh na gníomhaíochtaí agus na haschuir go léir mar a bhí beartaithe san iarratas. Go háirithe, ní mór go leagfar amach go soiléir sna tuairiscí faoin dul chun cinn an méid a baineadh amach i gcomparáid leis an méid a bhí beartaithe, agus go míneofar iontu aon neamhréireacht, go háirithe más rud é nár baineadh amach gníomhaíochtaí/torthaí éigin a bhí beartaithe. Mar sin, ní mór cuspóirí réalaíocha a leagan síos, díriú orthu agus tuairiscí a thabhairt orthu. Ba cheart na cuspóirí sin a bheith ag teacht le spriocanna straitéiseacha na heagraíochta agus, i ngach cás, ba cheart na cuspóirí sin a bheith:

  • Sonrach – dírithe ar réimse sainiúil le haghaidh feabhsúcháin nó tionchair.
  • Intomhaiste – leag síos nó mol táscaire maidir le dul chun cinn.
  • Cuí – ag teacht le mórspriocanna agus riachtanais na heagraíochta
  • Réalaíoch – luaigh cé na torthaí is féidir a bhaint amach go réalaíoch, ar bhonn na n-acmhainní atá ar fáil go réalaíoch.
  • Faoi cheangal ama – sonraigh cén uair is féidir an toradh nó na torthaí a bhaint amach

Is ea is éasca a bheidh sé tuairisciú don CTE má bhíonn cuspóirí agaibh a thagann leis an gcreat sin thuas (creat SMART, mar a thugtar air sa Bhéarla). Is iad na buntáistí a bhaineann le cuspóirí dá leithéid i gcás measúnóirí deontais CTE ná go leagtar amach go soiléir cén áit ar caitheadh an maoiniú agus cén toradh a bhí air. Is iad na buntáistí a bhaineann leo i gcás eagraíochtaí ná go gcabhraíonn an creat le léargas a thabhairt ar na rudaí a oibríonn agus na rudaí nach n-oibríonn ar bhealach soiléir, inchomparáide.

Ba cheart go ndéanfaí idirdhealú soiléir sa tuairisciú don CTE idir aschuir agus torthaí. Léiríonn na haschuir dúinn céard a táirgeadh de bharr gníomhaíochtaí eagraíochta. Má dhéantar na haschuir a thomhais, ní hé sin le rá go bhfuil léargas á thabhairt ar luach ná tionchar na seirbhísí do chliaint, áfach. Ar an lámh eile, is é is toradh ann an leibhéal feidhmíochta nó gnóthachtála a tharla de bharr na gníomhaíochta nó na n-aschur seirbhísí a chuir eagraíocht ar fáil.  Is táscaire níos oiriúnaí iad na torthaí ar éifeachtacht agus is fearr is féidir a chinneadh leo cé chomh maith a d'éirigh leis an bpróiseas.

Níor cheart gur próiseas inmheánach ná próiseas reachtúil amháin a bheadh i gceist leis an tuairisciú, agus ceann de na bealaí is fearr chun obair agus tionchar na heagraíochta a léiriú is ea tuarascáil bhliantúil a ullmhú. Is bealach iontach iad tuarascálacha bliantúla chun freastal ar chineálacha páirtithe leasmhara éagsúla, idir lucht maoinithe, na meáin agus bhur gcliaint. Is féidir le daoine a fheiceáil cad a rinne sibh i rith na bliana agus is féidir leo an tuarascáil a úsáid mar áis tagartha. Is deis iontach í an tuarascáil freisin i gcomhair feachtas beag cumarsáide ar na meáin shóisialta agus chun ócáid seolta a chur ar bun. Thairis sin, is gné ríthábhachtach í tuarascáil bhliantúil stuama a mheasann na measúnóirí deontais agus eagraíochtaí á measúnú acu.