Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Leideanna maidir le hIarratas a chur isteach

1: Bíodh tuiscint agat ar an bpróiseas iarratais

Is í an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath a reáchtálann an Clár Tacaíochta Eisimirceach agus tagann iarratais isteach chugainn ó gach cearn den domhan. In 2017 amháin, fuarthas níos mó ná 420 iarratas ar mhaoiniú dar luach níos mó ná €20 milliún ó bhuiséad €11.6 milliún an Chláir. Ní mór a thuiscint go bhfuil na measúnóirí deontais ag féachaint ar a lán iarratas agus ag féachaint cá bhféadfadh an tionchar is mó a bheith ag an airgead agus cén áit is fearr a d'fhéadfaí freastal ar riachtanais na bpobal éagsúil Éireannach.

Dá bhrí sin, ní mór a chinntiú go leagtar amach go soiléir i d'iarratas cén fáth gur fiú maoiniú a dhéanamh ar do thionscadal agus cén bhaint atá ag do chuid oibre le cuspóirí an Chláir Tacaíochta Eisimirceach. Sula dtosóidh tú ar d'iarratas, déan cinnte de go mbeidh an forléargas ar an gClár Tacaíochta Eisimirceach léite agat.

Le blianta beaga anuas, de réir mar a mhéadaigh an t-éileamh ar mhaoiniú, tá na measúnóirí go mór i bhfabhar na gcásanna ina mbíonn eagraíochtaí ag comhoibriú lena chéile. Is féidir le heagraíochtaí atá ag obair le chéile feabhas mór a chur ar thionchar agus ar éifeachtúlacht an mhaoinithe a fhaigheann siad agus in 2018 díreofar go háirithe ar thacú leis na cineálacha iarratais sin.

Agus d'iarratas á ullmhú agat, déanfar measúnú air ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

  • an gá atá leis an tionscadal
  • tairbhithe sa phobal Éireannach (lena n-áirítear an dara glúin agus glúine ina diaidh), agus a gcuid riachtanas agus a ngnéithe leochaileacha san áireamh
  • tionchar an tionscadail ar bhonn aschuir agus torthaí soiléire a bhfuiltear ag súil leo
  • comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí reachtúla, eagraíochtaí deonacha agus eagraíochtaí eile a fhaigheann maoiniú faoin CTE chun an soláthar seirbhíse is fearr is féidir a dhéanamh ar mhaithe le hÉireannaigh leochaileacha
  • conas a chuideoidh na torthaí chun cuspóirí an CTE a bhaint amach
  • cumas na heagraíochta an tionscadal a thabhairt chun críche
  • costas iomlán an tionscadail agus an luach ar airgead dá bharr
  • cén maoiniú atá faighte ó fhoinsí eile i gcomhair an tionscadail
  • na córais mhonatóireachta agus mheastóireachta atá i bhfeidhm chun na torthaí a thomhas dóibh siúd a bhainfidh leas as
  • tiomantas don dea-rialachas agus an dea-chleachtas ar fud na heagraíochta (lena n-áirítear, mar shampla, bainistíocht airgeadais, straitéis tiomsaithe airgid, beartais maidir le cuimsiú agus oiliúint agus forbairt foirne)

2: Fág neart ama agat féin chun iarratas a dhéanamh

Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha agus mar sin ní mór duit a chinntiú go bhfágfaidh tú do dhóthain ama agat féin chun iarratas a dhéanamh. Is beag tairbhe atá le baint as iarratas nach bhfuil soiléir a chaitheamh le chéile go tapa gan doiciméid tacaíochta a chur isteach leis. Is dócha go dtógfaidh sé níos faide iarratais nár ullmhaíodh go cúramach a mheas agus gur lú an seans go bhfaighidh d'eagraíocht an méid maoinithe a iarradh.

Fág neart ama agat féin chun d'iarratas a chur le chéile agus leag amach tréimhse inar féidir le daoine eile i d'eagraíocht athbhreithniú a dhéanamh air. Is fiú am a chaitheamh leis an iarratas ag an gcéim seo, mar rachaidh sé sin chun tairbhe duit le linn an phróisis iarratais ar fad agus cuirfear leis an seans go bhfaighidh tú an maoiniú a d'iarr tú.

Tabhair faoin scríbhneoireacht de réir a chéile. Ní dócha go gcuirfidh tú iarratas ar dheontas i gcrích d'aon iarraidh amháin. Scríobh dréacht de na príomhphointí a theastaíonn uait a dhéanamh i ngach cuid den iarratas, agus ansin scríobh amach na mionsonraí casta, tábhachtacha.

3: Léigh na ceanglais a bhaineann leis an bhfoirm iarratais agus déan dá réir

Déantar measúnú ar iarratais ar bhonn na bhfoirmeacha ar líne a chomhlánófar agus fágfaidh iarratas maith gur fearr an seans a bheidh ann go dtuigfidh an measúnóir cén fáth gur fiú maoiniú a dhéanamh ar do thionscadal.  Déan cinnte go gcuirfidh tú an fhaisnéis cheart i ngach bosca san fhoirm iarratais. Bí cinnte go bhfuil ciall le haon fhigiúirí a thabharfaidh tú, go mbaineann comhthéacs leo agus go bhfuil an suimiú cruinn. Tá na foirmeacha measúnaithe ceaptha chun faisnéis shonrach a bhailiú, mar sin is tábhachtach an rud é go gcuirfidh tú an fhaisnéis a iarrtar i láthair go soiléir, seachas díreach pé rud is mian leat féin a rá. 

Ní féidir iarratais a phróiseáil mura gcuirfear na doiciméid tacaíochta riachtanacha isteach freisin. Is iad cuntais d'eagraíochta an doiciméad tacaíochta is tábhachtaí agus is fadhb mhór é na cuntais a bheith mícheart, sean, nó gan aitheantas ceart a bheith tugtha iontu do mhaoiniú CTE na bliana roimhe sin. Chuirfeadh sé sin moill ar d'iarratas, nó d'fhágfadh sé nach bhfuil sé incháilithe lena bhreithniú.

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar mhaoiniú caipitil, caithfidh tú cuimhneamh freisin ar thrí luachan a chur isteach, chomh maith le plean tionscadail agus forbhreathnú ar an mbuiséid ina léirítear go soiléir go bhfuil cuid shuntasach de chostas an tionscadail faighte ó fhoinsí seachas an CTE.

4: Cuir iarratas isteach faoin gcatagóir cheart

Bíodh a fhios agat cé na catagóirí a bhfuil tú ag déanamh iarratais fúthu. Seo a leanas na catagóirí:

  • Oidhreacht – Oidhreacht agus féiniúlacht na hÉireann a chur chun cinn thar lear.
  • Leas (Daoine Scothaosta) – Tionscadail atá dírithe go sonrach ar dhaoine scothaosta den phobal Éireannach.
  • Leas (Eile) – Tionscadail a bhaineann le seirbhísí leasa túslíne a sholáthar don phobal, lena n-áirítear seirbhísí comhairle, comhairleoireachta, faisnéise agus teagmhála do phobail Éireannacha.
  • Líonraí – Tionscadail chun tacú le: Líonraí gnó Éireannacha nó líonraí gairmiúla Éireannacha eile thar lear.
  • Caipiteal – Tógáil, athchóiriú nó ceannach sócmhainní caipitil a rachaidh chun tairbhe pobail Éireannacha (áirítear sa chatagóir chaipitil tionscadail a bhaineann le láithreáin ghréasáin agus mórthionscadail dhigiteacha/bogearraí).

Má tá meascán catagóirí i gceist le do thionscadal b'fhéidir gur chóir duit dhá iarratas ar leithligh a dhéanamh.

5: Scríobh go soiléir

Ach teanga shimplí shoiléir a úsáid i d'iarratas, is ea is éasca a bheidh sé ag an measúnóir an t-iarratas agus do chuid oibre a thuiscint. Seachain an béarlagair, go háirithe, agus bíodh an téacs gonta. Toisc go mbeidh na measúnóirí ag brath ar d'iarratas as féin, is tábhachtach an rud é go gcuideoidh gach uile fhocal leat, agus mar sin ní mór dó a bheith soiléir.

Iarr ar dhaoine eile d'iarratas a léamh sula gcuirfidh tú isteach é lena chinntiú go bhfuil an méid atá scríofa agat soiléir agus dírithe ar an gcuspóir. Ní leor smaoineamh maith a bheith agat, ní mór duit a thaispeáint freisin gur eagraíocht inniúil sibh a bhfuil an cumas aici toradh a bhaint amach (trí aird a dhíriú ar scileanna ábhartha, ar bheartais eagrúcháin, ar na cóid chleachtais lena gcloíonn sibh, ar thorthaí meastóireachta, etc.).

6: Déan sainiú soiléir ar na cuspóirí agus ar an méadracht

Is fearr a bhíonn iarratais ach cuspóirí atá sainithe go soiléir agus torthaí in-aitheanta a bheith acu, agus iad a bheith bunaithe ar mhéadracht shoiléir, phraiticiúil.

Agus tú ag leagan amach do chuid cuspóirí, déan cinnte de go bhfuil siad gonta agus soiléir. Ba cheart cuspóirí an tionscadail a bheith ag teacht le spriocanna na heagraíochta agus le spriocanna an Chláir Tacaíochta Eisimirceach. Ar an gcaoi sin, ba chóir gur léir cén chaoi a n-oireann maoiniú do thionscadal don chreat níos leithne maidir le tacú le pobail Éireannacha ar fud an domhain.

Tá an mhéadracht ríthábhachtach chomh maith agus tá sampla de dhea-úsáid na méadrachta thíos:

"Is daoine scothaosta leochaileacha den phobal Éireannach a úsáideann na seirbhísí uainn den chuid is mó agus is fir agus mná a rugadh in Éirinn iad 73% dár gcliaint. Léiríodh sa daonáireamh deireanach go bhfuil 23,000 duine a rugadh in Éirinn sa cheantar a ndéanaimid freastal air, agus 54% díobh os cionn 55. Léiríonn ár gcuid sonraí gur fir iad 67% dár gcliaint agus gur mná iad 33% díobh. Chuireamar tacaíocht ar fáil do bheagnach 8,000 duine agus is é próifíl aoise ár gcliant ná: 55% in aois 65 agus os a cionn; 26% idir 55 agus 64; 14% idir 45 agus 54; agus 5% idir 0 agus 44"

Agus an mhéadracht á cinneadh, tá sé úsáideach freisin na nithe atá le tomhais a ailíniú le bhur spriocanna. D'fhonn é sin a dhéanamh, d'fhéadfá roinnt ceisteanna a chur ort féin, mar shampla: Conas ba léir gur éirigh leis an tionscadal? Agus conas a bheidh a fhios agat nuair a bheidh sé sin bainte amach? Cén chaoi an bhfuil cúrsaí faoi láthair? Cén chuma a bheadh ar fheabhas ceart nó ar thionchar ceart?

7: Miondealaigh na costais agus tabhair údar cuí leo

Mura dtabharfaidh tú miondealú ar na costais agus mura dtabharfaidh tú údar cuí leo, cuirfear moill ar d'iarratas agus is lú an seans go bhfaighfear maoiniú ina leith. Is féidir údar cuí a thabhairt leis na costais trí chuspóirí soiléire, beachta a shonrú agus cás láidir a chur i láthair ina dtaobh.

Is tábhachtach an rud é an maoiniú atá á lorg agat agus costas measta foriomlán an tionscadail a bheith réalaíoch agus indéanta. Déanfar meastóireacht ar thionscadail ag deireadh na bliana bunaithe ar na meastacháin a thabharfar san fhoirm iarratais, mar sin ná déan meastachán faoina chostas ar do thionscadal le do thoil. Ar an gcaoi chéanna, má theastaíonn €20,000 i gcomhair do thionscadail ná déan iarratas ar €40,000 ar an mbonn go dtabharfar duit leath an méid atá á iarraidh agat. Ina lán cásanna a chuirtear i láthair go soiléir agus a bhfuil tacaíocht chuí ag gabháil leo, soláthraímid an maoiniú iomlán a iarrtar. Measfar nár éirigh go maith le tionscadal más rud é, faoi dheireadh na bliana, nach mbeidh ach cuid bheag den chostas a measadh leis ar dtús caite nó maoinithe.

Tá an miondealú ar na costais riachtanach ionas gur féidir le measúnóirí féachaint conas a luíonn an maoiniú atá á iarraidh le costais fhoriomlána an tionscadail. Chomh maith leis sin, is féidir leis na measúnóirí leas a bhaint as an miondealú chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a bhfuil an tionscadal á mhaoiniú, agus fágann sé níos éasca é iarratais a mheas. Ná hiarr maoiniú doiléir, mar shampla, "£5,000 le haghaidh imeacht Lá Fhéile Pádraig" ach déan miondealú ar na costais, mar shampla, "Imeacht Lá Fhéile Pádraig: ardán ar cíos £1,500, árachas £500, soilsiú £500, costais foirne £1,000, ionad ar cíos £1,500"

8: Cinntigh go bhfuil do thionscadal incháilithe

Cé go meastar gach iarratas ar a fhiúntas féin, i gcoitinne ní féidir Maoiniú faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar na rudaí seo a leanas:

  • Táillí ealaíontóirí, taibheoirí nó cainteoirí, lena n-áirítear taisteal agus cóiríocht – bíodh gairmithe iad nó nach ea
  • Staidéar pearsanta nó taisteal thar lear
  • Iasachtaí nó easnaimh a aisíoc
  • Gníomhaíochtaí a bhaineann le páirtí polaitíochta
  • Tionscadail ag a bhfuil cuspóir tráchtála
  • Na costais a bhaineann le freastal ar imeachtaí Ambasáide nó Consalachta
  • Ceannach duaiseanna i gcomhair raifil
  • Táillí ballraíochta d'eagraíochtaí eile a fhaigheann maoiniú faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach