Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cuntais Airgeadais CTE

Ráitis Airgeadais a nglacfar leo ag brath ar ollioncam bliantúil na heagraíochta

(Is é an ráta malairte a úsáidfear ná an ráta a bheidh i bhfeidhm ar dháta deiridh Bhabhta Maoinithe CTE 2017-18)

Eagraíochtaí nach bhfuil aon ioncam bliantúil acu, i.e. eagraíochtaí nuabhunaithe

  • Dearbhú nach bhfuil aon ioncam/chaiteachas ag an eagraíocht, agus é sínithe ag an gCisteoir agus comhalta eile den Bhord nó den Choiste (ar pháipéar oifigiúil ceannchlóite má tá sé ar fáil), chomh maith le fianaise ar chuntas bainc, mar shampla, cóipeanna de ráiteas bainc

Eagraíochtaí a bhfuil ollioncam bliantúil níos lú ná €25,000 acu

  • Cuntas Ioncaim agus Caiteachais chomh maith le ráiteas sócmhainní agus dliteanais don bhliain airgeadais is déanaí de chuid na heagraíochta, agus iad sínithe ag an gCisteoir agus ag comhalta eile den Bhord nó den Choiste.
  • D'fhéadfadh sé go n-iarrfaí faisnéis airgeadais bhreise chun an méid thuasluaite a fhíorú
    • fianaise ar chuntas bainc, mar shampla, cóipeanna de ráiteas bainc, agus iad sínithe ag an gCisteoir agus ag comhalta eile den Bhord nó den Choiste
    • cóipeanna den tuarascáil roimhe sin ar fháltais agus ar chaiteachas (más ann dó) 

Eagraíochtaí a bhfuil ollioncam bliantúil idir €25,001 agus €100,000 acu

  • Cuntas Ioncaim agus Caiteachais chomh maith le ráiteas sócmhainní agus dliteanais don bhliain airgeadais is déanaí de chuid na heagraíochta, agus iad sínithe ag an gCisteoir agus ag comhalta eile den Bhord nó den Choiste, agus ráiteas ó scrúdaitheoir neamhspleách ag gabháil leo.
  • Ní mór don scrúdaitheoir neamhspleách a bheith ina chomhalta cláraithe de chomhlacht cuntasaíochta gairmiúil cuí sa dlínse ábhartha.  Ionas go mbeidh an scrúdaitheoir neamhspleách, ní mór nach mórdheontóir ná mórthairbhí de chuid na heagraíochta é nó í, ná nach garghaol, páirtí, céile, comhpháirtí gnó nó fostaí é nó í de chuid aon chomhalta Boird nó comhalta Coiste nó de chuid duine atá ina riarthóir ar an eagraíocht. Féadfaidh scrúdaitheoirí a bheith ina gcomhalta den eagraíocht, ar choinníoll nach raibh baint acu le cinntí ná cúrsaí riaracháin na heagraíochta ó lá go lá. Ba cheart don scrúdaitheoir neamhspleách na pointí thuas a dheimhniú ar an ráiteas uaidh nó uaithi.

Eagraíochtaí a bhfuil ollioncam bliantúil os cionn €100,001 acu

  • Ráitis airgeadais iniúchta na heagraíochta

Aitheantas a thabhairt do mhaoiniú CTE

Teastaíonn faisnéis airgeadais uainn a léiríonn go soiléir go bhfuarthas an deontas agus gur cáitheadh é. I ngach cás agus i ngach tuairisc airgeadais, ba cheart go dtabharfaí aitheantas don mhaoiniú, as féin agus go sainráite, mar seo a leanas: "Rialtas na hÉireann; An Clár Tacaíochta Eisimirceach"

I gcomhlíonadh Chiorclán 13/2014 de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe in Éirinn, ní mór go léireofaí i ráitis airgeadais iniúchta nó i gcuntais a chuirfear isteach:

  1. Méid iomlán (mar atá sa Litir Thairisceana) agus téarma (tréimhse) an deontais iomláin (i.e. 1 Iúil 2017 – 30 Meitheamh 2018 mura bhfuil tréimhse dhifriúil leagtha síos)
  2. Méid an deontais faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach atá i gcuntas sna ráitis airgeadais reatha. Más lú an méid sin ná méid iomlán an deontais CTE, ba cheart go gcuirfeá in iúl an bhfuil srian ar úsáid an deontais nó nach bhfuil, agus an srian atá i gceist (i.e. an mbaineann sé le tionscadal áirithe, nó le soláthar seirbhíse faoi leith).

Ina theannta sin, de réir na gceanglas atá leagtha amach sa Chiorclán thuasluaite, ceanglaítear ar eagraíochtaí sonraí a sholáthar maidir le líon na bhfostaithe a bhfuil a sochair iomlána fostaí (gan costais phinsin an fhostóra san áireamh) laistigh de gach banda €10,000 ó €60,000 ar aghaidh, agus figiúr foriomlán le haghaidh ranníocaíochtaí pinsin iomlána an fhostóra. Tá feidhm ag an gceanglas sin fiú mura bhfuil tuarastail á maoiniú faoin gClár Tacaíochta Eisimirceach.

Cuntais atá inghlactha

Is fadhb mhór é cuntais nach bhfuil inghlactha a sholáthar. Cuirfidh sé sin moill ar d'iarratas agus is foláireamh é a mbíonn measúnóirí deontais CTE ag faire amach dó. I gcuntais inghlactha, tugtar mionsonraí leordhóthanacha faoi ghníomhaíochtaí ioncaim agus caiteachais eagraíochta, agus ní mór go sonrófaí go soiléir iontu an maoiniú uile a fhaightear ó Rialtas na hÉireann agus go dtabharfaí aitheantas dó.

I ngach cás ba cheart do na cuntais airgeadais a bheith ag cloí le prionsabail na soiléire, na trédhearcachta agus na cuntasachta.

Difríochtaí sa téarmaíocht chuntasaíochta

Aithnímid go bhfuil difríochtaí i gceist sa téarmaíocht chuntasaíochta, go háirithe idir Meiriceá agus an Eoraip. I ngach cás, mura bhfuil tú cinnte faoi chineál nó leibhéal na gcuntas nó na faisnéise atá de dhíth, déan cinnte go ndéanfaidh tú teagmháil le d'Ambasáid nó do Chonsalacht áitiúil chun an méid atá riachtanach a shoiléiriú.