Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ról trádála

Tá Éire sa tóir ar ghnó agus tá an Rialtas tiomanta tacú le fás a chur ar onnmhairiú agus infheistíocht isteach a spreagadh. Tá seasamh maith ag líonra Ambasáidí s’againne chun leasanna eacnamaíocha agus trádála na hÉireann a chur chun cinn agus cur go dearfach le téarnamh eacnamaíoch.

Cuspóirí trádála

  • Cur le próifíl na hÉireann mar áit tharraingteach d’infheistíocht i ngnó
  • Tacaíocht thar lear a chinntiú d’infheisteoirí, d’onnmhaireoirí, do cheannaitheoirí agus do thurasóirí
  • Cur an méid agus is féidir leis an méid a chuireann an diaspóra le forbairt eacnamaíoch na hÉireann 

Straitéis trádála na hÉireann

Leagtar amach le Straitéis Trádála na hÉireann‌ spriocanna nithiúla ó thaobh trádáil, turasóireacht agus infheistíocht a bheidh le comhlíonadh faoi 2015 chomh maith le clár gníomhartha chun na spriocanna sin a bhaint amach. Oibrímid go dlúth leis an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta‌, chun an straitéis seo a fheidhmiú.

Tá sé mar aidhm againn fás agus poist ag baile a chur chun cinn trí chomhoibriú go dlúth leis na Gníomhaireachtaí Stáit chun trádáil, turasóireacht agus infheistíocht isteach in Éirinn a chur chun cinn.

An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta a dhéileálann le beartas trádála, a bhaineann le rialáil allmhairithe agus onnmhairithe.

Éire a chur chun cinn thar lear agus teachtaireacht eacnamaíoch an Rialtais a roinnt lárnach d’obair na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus an Líonra Ambasáidí. Bíonn ról tábhachtach againn i mbun cathaoirleachta ar fhoirne margaidh áitiúla chun cur chuige comhordaithe a chinntiú maidir le margaí tosaíochta, agus oibrímid leis na gníomhaireachtaí stáit sin, a bhaineann leas as a saineolas chun cuidiú le daoine dul i mbun gnó le hÉirinn:

  • Bord Bia
  • Fiontraíocht Éireann
  • IDA (An tÚdarás Forbartha Tionscail)
  • SFI (Fondúireacht Eolaíochta Éireann)
  • Turasóireacht Éireann

An Chomhairle Trádála Onnmhairithe

Déanaimid obair na Comhairle Trádála Onnmhairithe (ETC) a chomhordú, agus táthar freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar Straitéis Trádála an Rialtais.

Bíonn cruinnithe ag an gComhairle suas le trí huaire sa bhliain agus na cruinnithe sin faoi chathaoirleacht an Aire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan, TD.

Seo a leanas na comhaltaí eile atá ar an gComhairle:

  • An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara
  • An tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta
  • An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
  • An tAire Stáit do Thrádáil agus Forbairt.
  • Is comhaltaí iad príomhfheidhmeannaigh Bhord Bia, Fhiontraíocht Éireann, Forfás, an IDA, SFI agus Thurasóireacht Éireann
  • Oifigigh ó Ranna Rialtais eile agus ionadaithe ón earnáil phríobháideach.

An Comhchoimisiún Eacnamaíoch 

Táimid freagrach as Comhchoimisiúin Eacnamaíocha na hÉireann (JEC) le tíortha ardfháis agus tíortha atá ag teacht chun cinn a eagrú agus cathaoirleacht a dhéanamh orthu. Bíonn cruinnithe JEC ar leithligh ag Éirinn leis an tSín, le Poblacht na Cóiré, leis an Araib Shádach agus leis an Rúis.

Tá sé mar aidhm leis na cruinnithe sin cur le trádáil agus infheistíocht agus comhoibriú eacnamaíoch, gnó, eolaíoch agus teicneolaíochta a fhorbairt. Reáchtáiltear iad de ghnáth gach dara bliain.

Tá cur chun cinn agus leathnú na trádála idir Éirinn agus an Afraic mar thosaíocht thábhachtach ag Straitéis na hAfraice, agus sin ag teacht freisin le Straitéis Trádála‌ foriomlán an Rialtais.

Misin trádála

Is bealach luachmhar iad misin trádála chun margadh nua agus margaí atá ann cheana féin a fhorbairt thar lear do ghnólachtaí Éireannacha. Tá tábhacht ar leith leis sin mar gheall ar chomh luachmhar agus atá onnmhairí don gheilleagar. Oibrímid leis an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta chun tacú le cláir mhisin trádála Fhiontraíocht Éireann, agus maidir le 2013 tugadh cuairteanna ar 18 margadh atá forbartha nó ag fás go tapa. Bíonn róil thábhachtacha ag an tAire agus ag an Aire Stáit chun tacú le cuideachtaí na hÉireann trí bheith i gceannas ar roinnt de na misin trádála sin thar lear.

Na torthaí

  • Síníodh conarthaí agus gealltanais a d’fhéadfadh luach €200 milliún a bheith orthu in 2012 le linn mhisin trádála.
  • In Aibreán 2013, chuaigh an Tánaiste in éineacht le 24 cuideachta Éireannach ar mhisean trádála de chuid Fhiontraíocht Éireann go dtí an Tuirc áit ar síníodh conarthaí nua ar luach sa bhreis ar €30 milliún.
  • I mí an Mheithimh 2013, beidh an tAire Stáit Costello i gceannas ar Chuairt Staidéir Margaidh de chuid Fhiontraíocht Éireann ar Cheanada chun deiseanna do chuideachtaí Éireannacha a scrúdú, go príomha sna hearnálacha acmhainní nádúrtha agus bogearraí.

 

Léigh faoi

mhisean trádála an Tánaiste chuig an Tuirc le Fiontraíocht Éireann agus le 24 cuideachta onnmhairithe Éireannacha nuálacha.