Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Beartais Sheachtracha

Tá ról tábhachtach ag an Aontas Eorpach i ngnóthaí idirnáisiúnta trí thaidhleoireacht, trádáil, síochánaíocht agus forbairt. Mar Bhallstát den AE, cuireann Éire leis an ról seo trínár rannpháirteachas i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm bheartas seachtrach an Aontais.

  • Forléargas
  • Méadú
  • Trádáil
  • Cúnamh agus forbairt
  • CFSP

Forléargas

Forbhreathnú

Gníomhaí domhanda i saol domhandaithe

Tá beartais sheachtracha an AE dírithe ar réigiúin agus ar thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach reatha. Déanann Institiúidí Eorpacha agus ballstáit an AE maoirseacht orthu.

An Coimisiún Eorpach

Déanann an Coimisiún Eorpach maoirseacht ar phríomhbheartais AE, amhail méadú, comhar um fhorbairt, cabhair dhaonnúil agus trádáil.

Ballstáit

Déanann ballstáit an AE maoirseacht ar an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) nuair a thagann siad le chéile sa Chomhairle Gnóthaí Eachtracha.

Príomhfheidhmeannach bheartas eachtrach an Aontais Eorpaigh

Is é Josep Borrell Príomhfheidhmeannach bheartas eachtrach an Aontais Eorpaigh, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eorpacha agus Beartas Slándála, faoi láthair. Cabhraíonn sé le gníomhaíocht sheachtrach an AE a chomhordú agus déanann sé ionadaíocht ar an AE ar leibhéal domhanda i réimsí an bheartais eachtraigh agus slándála.

​Tá sé ina bhall den Choimisiún Eorpach freisin agus faigheann sé cúnamh ina chuid dualgas ó chuig: an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (EEAS) , ​seirbhís taidhleoireachta an AE​​.

Méadú

Méadú

Ag Fáiltiú roimh thuilleadh tíortha isteach san AE

Ceann de na beartais is mó ráth de chuid an AE deis a thabhairt do thíortha dul isteach san Aontas. Chun a bheith mar chomhalta den AE, ní mór do na tíortha a dhéanann iarratas cloí le reachtaíocht AE agus Critéir Chóbanhávan maidir le dul isteach san AE a chomhlíonadh.

Bainistíonn Uachtaránacht de Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ról a bhíonn ag rothlú, i gcomhairle le Coimisiún na hEorpa agus Comhairle an AE an méadú.

Méadaíodh an AE 7 huaire agus tá 28 ballstát ann faoi láthair. Bhí Éire mar chuid den chéad mhéadú in 1973 in éineacht leis an Danmhairg agus an Ríocht Aontaithe. Tharla an méadú is déanaí an 1 Iúil 2013 nuair a chuaigh an Chróit isteach san AE.

Tacaíonn Éire le méadú an AE agus i rith Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh tá sé i gceist againn an próiseas a thabhairt chun cinn i ndáil le cúig thír eile – an Íoslainn, an Tuirc, Montainéagró, an tSeirbia agus Poblacht na Macadóine.

Buntáistí

Cur le Slándáil

Cuireann méadú le slándáil agus cobhsaíocht laistigh den AE agus téann sé chun tairbhe gach saoránach san AE.

Geilleagair atá ag fás

Trí bhallstáit nua a chur leis an AE, spreagtar fás sa gheilleagar agus cruthaítear poist sna ballstáit seanbhunaithe agus sna ballstáit nua.

Caighdeán saoil a fheabhsú

Faigheann daoine i mballstáit nua buntáiste ó bheartais AE a thugann cosaint don chomhshaol agus a bhíonn ag troid in aghaidh na coiriúlachta, drugaí agus inimirce neamhdhleathach.

Ag cur le héagsúlacht

Cuireann ballstáit nua le héagsúlacht cultúir an AE, agus tugtar smaointe nua agus tuiscint níos fearr ar chultúir eile le ballstáit nua.

Ról idirnáisiúnta an AE a threisiú

Ceadaíonn méadú don AE ról níos láidre a bheith acu i ngnóthaí domhanda, trína mbeartas eachtrach agus slándála, trádála agus forbartha.

Trádáil

Trádáil

Comhaontuithe trádála saor agus cothrom a lorg

Is é an AE an bloc trádála is mó ar domhan agus tá os cionn 500 milliún tomhaltóir ann agus bainistítear caidrimh trádála le tíortha lasmuigh den bhloc seo trí bheartas trádála an AE.

Tá an AE de shíor ag déanamh idirbheartaíochta ar chomhaontuithe trádála le réigiúin agus le tíortha éagsúla ar fud an domhain. Bhain roinnt de na comhaontuithe a rinneadh le déanaí le tíortha mar an Chóiré Theas agus Peiriú.

Is cumhacht eisiach den AE é beartas trádála – agus is féidir leis an AE féin, agus ní ballstáit aonair, comhaontuithe trádála idirnáisiúnta a idirbheartú agus a thabhairt chun críche le tíortha aonair. Cinneann Parlaimint na hEorpa i gcomhar le Comhairle an AE mar a dhéantar an beartas sin agus mar a fheidhmeofar é. 

Buntáistí

Rogha níos fearr

Cuidíonn na comhaontuithe cur leis an sruth trádála i ngach aon treo agus feabhas a chur ar rogha do thomhaltóirí in Éirinn agus ar fud an AE.

Praghsanna níos ísle

Leanann praghsanna níos ísle do thomhaltóirí nuair a bhíonn rogha níos fearr ar fáil.

Rochtain níos fearr ar mhargaí

Faigheann táirgeoirí earraí agus seirbhísí na hÉireann leas freisin as rochtain níos mó ar an margadh chuig tíortha nach cuid den AE iad trí chomhaontuithe trádála.

Cúnamh agus forbairt

Cúnamh agus forbairt

Cúnamh a sholáthar agus forbairt a chur chun cinn

Tá cúnamh forbartha ag croílár chaidreamh eachtrach an AE, mar aon le beartais eachtracha, slándála agus trádála. Is é príomhchuspóir bheartas forbartha an AE an bhochtaineacht a dhíothú trí ​Spriocanna Forbartha na Mílaoise a bhaint amach. Is príomhthosaíocht de chuid an AE é líon na ndaoine a bhfuil ocras orthu a laghdú faoina leath faoi 2015.

Buntáistí

Tacú le forbairt

Le chéile, soláthraíonn ballstáit, lena n-áirítear Éire agus institiúidí Eorpacha, níos mó ná leath de chabhair dhaonnúil oifigiúil an domhain, rud a fhágann gurb é an AE an deontóir is mó de chúnamh daonnúil agus de chúnamh forbartha ar domhan.

An daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn

Chomh maith le forbairt eacnamaíoch, cuireann an AE an daonlathas agus cearta an duine chun cinn trí chúnamh forbartha. Ó thaobh an AE de, tá na luachanna bunúsacha seo ag teacht le forbairt eacnamaíoch agus tá siad chomh riachtanach céanna má tá dul chun cinn le déanamh ag tíortha i mbéal forbartha.

Soláthraíonn Ballstáit an AE, lena n-áirítear Éire, agus na hinstitiúidí Eorpacha (an Coimisiún Eorpach, an Banc Eorpach Infheistíochta) agus Institiúidí Airgeadais Forbartha na hEorpa, le chéile mar Team Europe ​43% de​​ chúnamh oifigiúil forbartha ​ an domhain (COF), ​rud a fhágann gurb é an AE an deontóir is mó de chúnamh forbartha ar domhan ar an iomlán.​

Freagairt d'éigeandálaí

Freagairt d'éigeandálaí

​Aon uair a tharlaíonn tubaiste nó éigeandáil dhaonnúil, soláthraíonn an tAontas Eorpach cúnamh do na tíortha agus do na daonraí is mó atá buailte, ag díriú orthu siúd is leochailí. Seoltar cúnamh AE tríd an Ard-Stiúrthóireacht um Chosaint Shibhialta Eorpach agus Oibríochtaí um Chabhair Dhaonnúil (ECHO).​ I gcomhréir leis na ceithre phrionsabal atá bunaithe ar an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta, déanann cabhair dhaonnúil an AE an méid seo a leanas:​

  • aghaidh a thabhairt ar fhulaingt an duine, agus aird ar leith á tabhairt ar na grúpaí daoine is leochailí, agus dínit na n-íospartach uile á hurramú ag an am céanna (daonnacht);
  • ní thugann sé fabhar d'aon taobh i gcoinbhleacht (neodracht);
  • is ar bhonn riachtanas amháin a chuirtear ar fáil é, gan idirdhealú de chineál ar bith (neamhchlaontacht);
  • tá sí neamhspleách ar chlár oibre ar bith, bíodh sé polaitiúil, eacnamaíoch, míleata nó eile (neamhspleáchas).

Le chéile, tá an AE agus a 27 ballstát ar cheann de na príomhdheontóirí daonnúla. In 2023, soláthróidh an AE €1.7 bhilliún i gcabhair dhaonnúil, ag freagairt do riachtanais dhomhanda atá ag méadú.

CFSP

Slándáil agus cosaint

Ligeann Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais (CFSP) don AE gníomhú ar bhealach aontaithe maidir le beartas eachtrach agus saincheisteanna slándála agus cuirtear le comhoibriú polaitíochta idir bhallstáit an AE. Ligeann an CFSP don AE freagraí seachtracha a ghlacadh maidir le cásanna slándála nó cosanta idirnáisiúnta lena n-áirítear:

  • Smachtbhannaí taidhleoireachta nó geilleagair chun síocháin agus slándáil a chur chun cinn
  • Coimeád síocháin, bainistiú géarchéime agus iarrachtaí atógála i réigiúin i dtrioblóid ar fud an domhain leis an gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CSDP)

Sa roinn sin, oibrímid le ranna rialtais Éireannach eile (go háirithe an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta) chun rannpháirtíocht na hÉireann i ngníomhaíochtaí CSDP a bhainistiú, lena n-áirítear imlonnú trúpaí na hÉireann ar mhisean choimeád síochána EUFOR i Sead, misean Riail DLí EULex sa Chosaiv agus misin mhonatóireachta toghcháin in Oirthear na hEorpa agus sna Balcáin.

Buntáistí

Síocháin agus slándáil a chur chun cinn

Treisíonn CFSP cumas seachtrach an AE freagairt do chásanna géarchéime agus éascaítear leis an AE le cur chun cinn síocháin, daonlathas agus cobhsaíocht in áiteanna a mbíonn fadhbanna ar fud an domhain.

Cur le comhoibriú polaitíochta

Trí ghníomhú le chéile mar an AE, bíonn tionchar i bhfad níos mó ag na 28 ballstát i ngnóthaí idirnáisiúnta seachas a bheith ag gníomhú leo féin.

Meas ar neodracht na hÉireann 

Ligeann an CFSP d’Éirinn páirt a ghlacadh in oibríochtaí choimeádta síochána agus tógála institiúide ar fud an domhain a bhfuil meas acu ar ár seasamh neodrachta.